Bilingual Family Concert with Ríona Sally Hartman
Dé Sathairn an 16 Bealtaine
Saturday 16th May, 3pm
An puball beag, ag an gcrann thall
Small Top Tent, Con Smith Park
Ceolchoirm dhátheangach do theaghlaigh le Ríona Sally Hartman
Bilingual Family Concert with Ríona Sally Hartman
Bí linn do cheolchoirm dhátheangach do theaghlaigh, imeacht a bheidh lán d’amhráin, scéalta, rírá agus ruaille buaille! Tar agus éist le Ríona Sally Hartman agus í ag roinnt a cuid amhrán Gaeilge. Tá an t-imeacht neamhfhoirmiúil, idirghníomhach seo oiriúnach do chách, ó liath go leanbh - can linn, foghlaim cluiche spraíúil bualadh bos, agus bain sult as an gceol, craic agus damhsa!
Join us for a bilingual family concert filled with songs, stories, rírá agus ruaille buaille! Join Ríona Sally Hartman solo, while she shares her original Irish-language songs. This informal, interactive performance is perfect for all ages – sing along, learn a fun clapping game in Irish, and soak up the ceol, craic agus damhsa!
‘Ach níl Gaeilge agam’ arsa tusa. Ní fadhb é sin! Cuirfear na hamhráin i láthair ar bhealach sothuigthe, cuimisitheach, agus míneofar na liricí ar bhealach spraíúil, spéisiúil. Tá fáilte roimh chách.
No Irish? No problem! The songs will be presented in an accessible, inclusive way and the lyrics will be explained in English in a fun, engaging way. Everyone is welcome to join.
Ríona Sally Hartman
Is ceoltóir Éireannach í Ríona Sally Hartman a bhfuil bua ar leith aici ceol a chumadh le haghaidh páistí de gach aois agus ar gach leibhéal cumais, agus ceol a chumadh in éineacht leo freisin. Díríonn sí ar chumadh ceoil atá cuimsitheach, néaraidhearfach, faoi stiúir an pháiste agus bunaithe ar phróiseas.
Is í Ríona stiúrthóir ceoil ensemble Oideachais agus For-Rochtana Pobail an Cheolárais Náisiúnta (nó an banna Echo, mar a thugtar air go minic). Uaireanta cumann sí ceol le haghaidh teilifís do pháistí, cuir i gcás, an clár ceoil oideachasúil Bígí ag Ceol (RTÉ), agus Maddie and Triggs (RTÉ, BBC). Oibríonn Ríona go rialta le heagraíochtaí amhail The Ark, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus go leor ionaid ealaíon agus leabharlann ar fud na tíre.
Tá tacaíocht fhlaithiúil á tabhairt do Ríona ag an gComhairle Ealaíon faoi láthair.
Ríona Sally Hartman
Ríona is an Irish musician who specialises in making music with, and for, children of all ages and abilities. Her focus is on child lead, inclusive, process driven, neuroaffirmative music making.
Ríona is musical director of The National Concert Hall’s Education and Community Outreach ensemble (also known as the Echo band). Sometimes she writes music for children’s TV for example music education show Bígí ag Ceol (RTÉ), and Maddie and Triggs (RTÉ, BBC).
Ríona regularly work with organisations such as The Ark, Dublin City Council, and many arts centres and libraries across the country.
Join our Mailing List
Keep in touch with all the festival activities and upcoming shows in Cavan.
Official Cavan Arts Festival Programme 2026
A magical four days & nights of art & culture in the heart of Cavan Town
